LOGGED-ON
|
Tríd an obair a dhéanann siad ar an ríomhaire glúine, ar an taibléid nó ar an bhfón póca, chomh maith leis an mbaint a bhíonn acu leis na meáin sóisialta, tá cumas fairsing digiteach agus taithí maith ag beagnach gach scoláire idir 14 agus 19. Tá an Idirlíon chomh maith le deiseanna foghlama agus cláracha bána idirghníomhacha ar fáil sa gcuid is mó de scoileanna agus coláistí ach ní bhaineann formhór na múinteoirí barr a maitheasa astu agus iad i mbun teagaisc.
Is í an cuspóir atá ag an tionscnamh Erasmus+ seo ná na scileanna a thabhairt do na múinteóirí nach múinteoirí ríomhairí iad, trí thraenáil agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh, chun na scileanna atá cheana féin ag na scoláirí a fhorbairt sa tslí is go mbainfeadh siad barr a maitheasa amach go pearsanta agus go sóisialta, ina gcuid oideachais agus ina saoil fostaíochta amach anseo. Céard a oibríonn, cén áit a oibríonn sé agus cén fáth? Comhchlár taighde feidhmeach atá mar bhéim ag an tionscadal seo idir gairmscoileanna i gcúig thír Eorpeach a chuireann oideachas ar fáil do scoláirí idir 14 agus 19 bliana – An Iorua, Sasana, Éire, An Spáinn agus An Iodáil. Is ag iarraidh tuiscint níos fearr a fháill ar cén áit, cén fáth agus céard a oibríonn chun an traenáil agus cúnamh ceart a thabhairt do mhúinteoirí, dó cheannairí scoile agus do oideachasóirí proifisiúnta eile atá an tionscadal dírithe. Deá-chleachtas inaistrithe Breathnaíonn an tionscadal LOGGED-ON ar cé chomh inaistrithe is atá an deá-chleachtas idir na tíotha Eorpacha difriúla nó an féidir iad a athrú de réir mar is cuí ó thaobh cúrsaí sóisialta, cúrsaí cultúrtha nó cúrsaí oideachasúla i ngach tír difriúil. Mar sin is ag iarraidh tabhairt faoin dúshlán atá ag daoine óga na laethanta seo mar atá léirithe in “New Skills for New Jobs” atá i gceist. Príomh-aschuranna:
|